An tEaspag Leon Ó Raghailligh, Cathaoirleach Choimisiún na nEaspag um an Oideachas Ráite ar Ócáid Seolta – ‘Bunscoileanna Caitliceacha: Polasaí Soláthair don Todhchaí’

17 Dec 2007

PRESS RELEASE

17th December 2007

An tEaspag Leon Ó Raghailligh, Cathaoirleach Choimisiún na nEaspag um an Oideachas Ráite ar Ócáid Seolta – Bunscoileanna Caitliceacha: Polasaí Soláthair don Todhchaí

Gá leis an díospóireacht láithreach ar an oideachas
Bhí an doiciméad seo á ullmhú go maith sular thosaigh an díospóireacht deireanach seo ar na meáin agus in áiteanna eile i dtaobh clárú agus soláthar na bunscolaíochta. Cuirimid fáilte roimh an díospóireacht sin. Tá sé thar a bheith riachtanach agus cúrsaí ag athrú go tapa go bpléifimis go hoscailte agus go hionraic na forbairtí nua agus na dúshláin gan choinne atá romhainn. Is mór an chomaoin atá curtha ar an oideachas sa tír seo ag múinteoirí agus ag fóirne ár scoileanna le fad na haimsire. Is fada an comhoibriú ar siúl ag an Eaglais agus ag an Stát chun oideachas a chur ar fáíl, rud a chuaigh ar sochar dóibh araon. Tá gá, áfach, le scrudú domhain leanúnach a dhéanamh ar ár gcóras oideachais, ionas go soláthróidh sé an chuid is fearr den oideachas don aos óg anois agus san am atá le teacht.

Múinteoirí den scoth, bainisteoireacht éifeachtach
Ní foláir a dheimhniú go bhfuil cuma an-mhaith ar ár scoileanna agus ar ár gcóras oideachas i gcoitinne dainneoin na fadhbanna agus na deacrachtaí atá ann in áiteanna áirithe faoi láthair. Uaireanta, agus b’fhéidir nach d”aon turas é, d’fheadfaí go gcuirtear in iúl go bhfuil ár scoileanna agus ár gcóras oideachais ag na pointí deiridh. Is fada sin ó bheith fíor. Teastaíonn mionfheabhsú agus infheistíocht ónár gcoras oideachais má tá sé le freastal ar na dúshláin atá roimhe. Ach is córas fónta beoga atá ann, agus cuid dochealaithe de is ea an earnáil Chaitliceach ag leibhéal na bun- agus na meánscoile. An t-aos léinn a thagann as ár scoileanna Caitliceacha, is fianaise iad ar an chomaoin a chuireann scoileanna Caitliceacha ar shaol na tire.

Cearta na dtuismitheoirí
An doicimead polasaí seo againn, maíonn se go láidir gur buncheart daonna é córas scolaiochta beoga, á maoiniú go poiblí agus á riaradh ag na sainaicmí creidimh, gur buncheart sin ag na tuismitheoirí ar toil leo a leithéid a bheith ag a gclann, agaus sonraíonn sé go bhfuil tacaíocht ag an cheart seo ó ionstraimí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Níl sé ach cupla míosa ó shin (13 Meán Fómhair 2007) ó luaigh an Pápa Beinidicht XVI arís, in aitheasc ar an oideachas, a thábhachtaí a bhí sé go gcinnteodh Stáit “an tsaoirse don Eaglais chun scoileanna Caitliceacha a bhunú agus a riaradh, ag soláthar do thuismitheoirí an t-áiméar chun córas oideachais a roghnú a chothaíonn múnlú críostaí da gclann…” Lean an Pápa air: “Go deimhin, oideachas bunúsach a bheathaíonn toisí uile na pearsan daonna, cursaí creidimh agus spioradáltachta san áireamh, is le leas na hEaglaise agus an Stáit araon é. Sa tslí sin, féadann an t-aos óg cleachtaí a fhoghlaim a chuirfidh ar a gcumas dóibh a gcuid dualgas mar shaoránaigh a chomhall nuair a thagann siad in inmhe.”

Is gá iolracht soláthair
Tá gá le breis ilghnéitheachta i gcúrsaí scolaíochta in Éirinn chun freastal go héifeachtach ar chás na dtuismitheoirí agus na bpáisti sa tír de réir mar atá athrú ag dul air. Is ionann tábhacht na ceiste seo don earnáil atá faoi riar aicmí creidimh agus don Stát nó eile. Níl an Eaglais Chaitliceach ag iarraidh oideachas a sholáthar uaithi féin amháin do chomhluadair iomlána. Is áil léi, áfach, freastal a dhéanamh ar éileamh na dtuismitheoirí sin ar mhaith leo oideachas Caitliceach ag a gclann.

Chun éileamh na dtuismitheoirí sa méid sin a dhéanamh amach, tá Comhairle na nEaspag um Thaighde agus Forbairt ag feidhmiu clár taighde i measc tuismitheoirí a chuireann a gclann chuig scoileanna Caitliceacha. Beidh réamhthuarascáil ón taighde ar fáil do Chomhdháil na nEaspag i mí na Nollag, agus tuarascáil iomlán do chruinniú na Comhdhála i mí na Márta. Faisnéis luachmhar a bheidh ann, ní amháin ar éileamh na dtuismitheoirí ar oideachas dá gclann, ach ar an bheart a mbeadh siad ag dréim leis ón scoil Chaitliceach. Tá suil againn dá bharr sin gur fearrde a bheimid in ann pleanáil don am atá le teacht.

Tá scoileanna Caitliceacha iniatacha

Sonraíonn an doiciméad polasaí seo go soiléir an beart a imríonn an scoil Chaitliceach agus an fiuntas atá leis mar bheart. Léiríonn sé go bhfuil scoileanna Caitliceacha, óna nádúr agus óna misiún, iniatach, le linn dóibh a bheith ag freastal ar an aos og Caitliceach a roghnaíonn scoil a bhfuil aigne Chaitliceach inti. Is breá linn a fheiceáil, de réir réamhthorthaí an togra taighde chúig bhliain ar na córais oideachais i dtrí cheann déag de bhallstáit an Aontais Eorpaigh ag foireann ó Ollscoil Chathair Átha Cliath, (is é is teideal don staidéar “Include-ED”), go bhfuarthas amach go bhfuil scoileanna na hÉireann ar tús cadhnaíochta i measc a macasamhla san Eoraip chun eisiatacht sóisialta a chosc. Aithnítear go bhfuil na scoileanna Caitliceacha orthu sin is fearr iniatacht sa tír.

Dearbhaíonn an staidéar céanna freisin go bhfuil gá le hathleasú mór, maidir le hilghnéitheacht chultúrtha agus chreidimh sna scoileanna – go háirithe ag an bhunleibhéal. Chuige sin, d’fhéadfadh toradh a bheith ar an chomhphlé déthaobhach idir Eaglais agus Stát a bhunaigh an Taoiseach anuraidh. Is é is cuspóir don bhFóram seo mórcheisteanna polasaí i gcoitinne a ionramháil, seachas mionchúrsaí feidhmíochta an lae. D’fhéadfadh an próiséas seo áiméar agus timpeallacht a chur ar fáil a bhféadfadh Eaglais agus Stát bunfhadhbanna uilechoiteanna a bhaineann leis an oideachas a phlé ann.

Críoch
Tá sé aitheanta mó sa mhó go hidirnáisiúnta go gcuireann scoileanna creidmheacha comaoin luachmhar ar an leas coiteann. Maireann siad, agus sin go torthúil, taobh le taobh le samplaí eile den soláthar oideachais i dtíortha eile agus is amhlaidh dóibh anseo in Éirinn le níos mó ná céad bliain. Tá meas mór ar an bhfiúntas atá leo sa Ríocht Aontaithe, mar atá le léamh sa doiciméad Faith in the System, a foilsíodh an mhí seo caite:

“… cuireann an rialtas (UK) fáilte roimh an chomaoin a chuireann scoileanna a bhfuil caractaer creidmheach acu ar chóras na scolaíochta – de thairbhe an beart a d’imir siad san am atá caite agus i láthair na huaire araon mar pháirtithe tábhachtacha ag cur le breis ilghnéitheachta sa chóras scolaíochta agus leis an meid rogha atá ann do thuismitheoirí, rud ata á lorg againn.”

Tá na scoileanna Caitliceacha ag cur oideachais ar fáil ar an mórchóir ó bunaíodh an Stát agus roimhe sin. Is cás linn go leanfaidh siad leo agus beart tábhachtach á imirt acu i soláthar an oideachais sa am ata le teacht.

Deireadh

Nótai do Eagarthóirí
Tá cóip de Bunscoileanna Caitliceacha: Polasaí Soláthair don Todhchaí le fáil anois ar www.catholicbishops.ie faoi “Bishops’ Conference pastoral letters and other publications.”

ENDS

Further information:
Ms Anne McDonagh, Director of Education for the Archdiocese of Dublin 087 9762954
Martin Long Director of Communications (086 172 7678)
Kathy Tynan Communications Officer (086 817 5674)