Temperance Sunday 2008: Liturgical Notes in Ireland

09 Jul 2009

3 February 2008

Theme: Living Faith Fully

Réamhrá
In irisí agus nuachtáin airithe, ó am go ham, bíonn liostaí le seiceáil féachaint an bhfuilimid
níos fearr nó níos measa ná daoine eile i gnéithe éagsúla dár saol nó an bhfuilimid ar
chómh-chaighdeán leo. Nuair a scríobh Matha síos na Biáide a thug Críost dúinn an lá úd
ar a sliabh, níor rith sé leis boscaí beaga le haghaidh x-anna agus o-anna a chur isteach .
Má bhíonn sé de dhánaíocht ionam sin a dhéanam le mo bhoscaí féin chun caighdeán mo chuid
Chríostaíochta a aimsiú, tá súil le Dia agam… well, ar a laghad, go mbeidh mé cneasta liom fein.

Smaoineamh

Más mian leat post ar phá a fháil nó ionad ar fhoireann peile a bhaint amach, ní mór duit
cáilíochtaí áirithe a bheith agat.. B’fhéidir go scrúdófaidh bord tofa na cáiliochtaí sin
chun a bhfeabhas a mheas. Beidh suim acu sna scileanna atá agat, sa dearcadh atá agat, sa
mhana atá agat faoi dhualgaisí an phoist agus mar sin de. Uaireannta, tiocfaidh liosta de
na bun-riachtanaisí seo chugat leis an bhfoirm iarratais; uaireannta eile, ní mór duit
dul sa tóir orthu, tú féin, pé ar bith áit ina bhfaighidh tú iad.
Mar an gcéanna leis an gCríostaí atá iarraidh ionad a fháil i Riocht Dé; beidh cáilíochtaí
ar leith á n-éileamh air nó uirthi, cáilíochtai doéalaithe. Cá bfaigheadh duine eolas ar
na cáilóchtaí sin? Tugann Matha an liosta dúinn i Soiscéal an lae inniu. Na Biáide a tugtar
ortu, An duine atá bocht o spiorad, atá ceansa, atá glan ó chroí, a fhulaingíonn géarleanúint
mar gheall ar an bhfíréantacht, a bfuil dlúth-bhaint aige le lucht an dobhróin, le lucht
déanta na síochána, le lucht na tróchaire, tá daoine mar sin lán-cháilithe chun Ríocht
Dé a bhaint amach.
Ach féach, an chuid is mó de mhuinntir an domhain, iad siúd atá an-smartáil, de réir
chaighdeáin an domhain, nach beag an meas atá achu ar rogha Chríost sna Biáide? Tá
freagra ortu sin ag Pól sa sliocht a léadh anseo ar na mallaibh. “Thogh Dia níthe uirísle,
suaracha an tsaoil ionnas nach ndéafadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. ” Fainic,
a phobail Dé, cé aige a beidh an gáire deireannach!

Guí an Phobail

Ceannasaí
Tá treoir agus teagasc againn sna Biáide conas is féidir linne, mar lucht leanúna Íosa ,
A bheart chun leasa an chine daonna a chur ar aghaidh. Maímid, mise agus tusa, gur den
dream sin sinne. Guímis, le cabhair Dé, nach dteipfimid ar ár ndualgas.

Fógróir
1 Go ndéanaimis beart de réir Briathair Dé i ngach smaoineamh, i ngach focal agus i
ngach gníomh. A Thiarna, éist linn .

2 Guímis go mbeidh beannacht Dé ar ár bPápa, Benedict, at ár n-easpag, N., agus ar ár
sagairt. Go raibh an neart, an t-eolas agus an grásta acu ó Dhia iad siúd atá faoina
gcúram a threorú mar is is cóir agus ceart. A Thiarna, éist linn .

3 Guímis ar son daoine atá faoi ghéarleanúint ar son a gcreidimh. Go dtuga Dia neart
agus cabhair doibh. Go ngríosaí Sé sinne teacht i gcabhair orthu pé slí is féidir
linn. Ba náireach an mhaise dúinn é iad a ligint i ndearmad mar is ionann sin agus
ár dtacaíocht a thabhairt do na géarleaúnithe. A Thiarna, éist linn .

4 Go ndéana Dia trochaire orthu siúd a fuair bás ar na mallaibh sa pharóiste seo. A
Thiarna, éist linn .

5 Guímis i gciúnas ár gcróithe orainn fein agus cuirimis ár n-achainí i lámha Dé. A
Thiarna, éist linn

Ceannasaí
Seo é ár nguí chugat, trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen

An Phaidir
A Íosa , tá tú lán-pháirteach linn anseo agus sinn ag guí chun an Athar, de réir
mar a mhúin tú sinn.

Focal Scoir
Is é crann do chroise crann ár mbeatha, a Íosa .

ENDS