
- Mass to broadcast live at 2.00pm on RTÉ News Now tv channel, and on Raidió na Gaeltachta
Background
Today at 2.00pm the Funeral Mass for Moya Brennan (Jarvis) RIP from Dobhar uachtarach, Gaoth Dobhair will take place in Teach Pobail Phádraig Naofa, Mín Uí Bhaoill, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, (Saint Patrick’s Church, Meenaweal, Crolly, Co Donegal in the Diocese of Raphoe).
The Mass will be livestreamed on https://mcn.live/Camera/teach-pobail-phádraig-naofa,-mín-bhaoill-donegal
The principal celebrant for the Mass will be An tAth. Brian Ó Fearraigh, who is the Parish Priest of Gaoth Dobhair.
Concelebrants of the Mass will include:
An tAth. Seán Ó Gallchóir, Parish Priest Emeritus of Gort an Choirce.
Father Michael McCullagh CM a priest of the Congregation of the Mission (Vincentians).
Father John Joe Duffy CC who is curate in Creeslough parish.
An Sagart Pádraig Ó Baoighill, iar Shagart Paróiste Ghaoth Dobhair.
Father Martin Doohan, Parish Priest of Dunfanaghy (Moya’s second cousin).
Bishop Niall Coll, Bishop of Raphoe will not be in attendance as he has a Confirmation ceremony in Arranmore island. He has sent a note on condolences that will be read before the final prayers of commendation, see below.
Uachtarán na hÉireann, a Soilse Catherine Connolly, will be represented by Commandant Barry Dolan, and Commandant Joseph Glennon, will be representing An Taoiseach. Accompanying the Commandants is An tAth. Breandán Mac an Bhaird, curate in the parish of Gaoth Dobhair and chaplain to Pobalscoil Ghaoth Dobhair.
Before the beginning of Mass
– A guard of honour will be formed by Scoil Phádraig, Dobhar, Banna Ceoil Dhobhair and the staff of Ionad Naomh Pádraig community centre, Dobhar.
– As Moya arrives into the church, the Entrance music is ‘Peacemaker’ by Moya Brennan, featuring the voice of her son, Paul, when he was 4 years old.
– Siombail saoil – Presentation of Life Symbols. Aisling Jarvis, Moya’s daughter narrates as the following symbols are presented:
– Matthew Brennan – Moya’s nephew (Harp); Kayleigh Bowery – partner of Aisling Jarvis (Family Photo); Lara Sweeney Doherty – partner of Paul Jarvis (Clubeo bodhrán); Leon Óg Brennan – Moya’s nephew (Tour Laminete); Jessica Brennan – Moya’s niece (Prayer book); and, Dónal Duggan – Moya’s cousin (Donegal Jersey).
An tAth. Brian Ó Fearraigh will welcome the mourners and invite some quiet prayer.
The Mass
Music during the Mass will be performed by Cór Phádraig and Cór Mhuire, Gaoth Dobhair.
AN CHÉAD LÉACHT The First Reading by Bartley Brennan, Moya’s brother.
Sliocht as leabhar na hEagna. 3:1-6, 9.
Tá anamnacha na bhfiréan i lámha Dé
agus ní bhainfidh piolóidí leo choíche.
Shíl lucht na díchéille gur marbh a bhí siad
agus measadh gur thubaiste a mbás
agus gurbh ionann agus caill iomlán a n-imeacht uainn.
Ach is amhlaidh atá siad anois fá shuaimhneas.
Nó bíodh gur fhulaing siad pionós i súile na ndaoine,
bhí siad féin lán dóchais go mairfeadh siad go deo.
I ndiaidh pian agus buaireamh beag an tsaoil seo a iompar
bronnfar beannachtaí móra orthu.
Mar chuir Dia féacháil orthu agus fuair sé a dhíol iontu.
Rinne sé iad a thastáil mar dhéanfaí le hór i bhfoirnéis
agus ghlac sé leo mar íobairt lándóite.
Na daoine a chuireas a muinín agus a ndóchas i nDia,
tuigfidh siad go bhfuil sé fírinneach;
na daoine a fhanas dílis dó, cónóidh siad aige fá ghrá;
is iad a mhuintir féin iad
agus gheobhaidh siad trócaire agus grásta uaidh.
Sin é Briathar Dé.
FR. Buíochas do Dhia.
PSALM
Song of David – a recording, sung by Moya and accompanied by Cór Phádraig and Cór Mhuire
AN DARA LÉACHT The Second Reading by Anne Jarvis, Moya’s sister-in-law.
A reading the second Letter of Saint Paul to Timothy (4:6-8)
As for me, I am already being poured out as a libation, and the time of my
departure has come. I have fought the good fight I have finished the race, I
have kept the faith. From now on there is reserved for me the crown of
righteousness, which the Lord, the righteous judge, will give me on that day,
and not only to me but also to all who have longed for his appearing.
The word of the Lord.
SOISCÉAL Gospel
Proclaimed by An tAth. Brian Ó Fearraigh SP
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Maitiú. 5:1-12.
Nuair a chonaic Íosa na sluaite, chuaigh sé suas an sliabh. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thoisigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
‘Is beannaithe na bochta ó spiorad, óir is leo ríocht na fhlaitheas.
Is beannaithe na daoine ceansa, nó gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
Is beannaithe lucht an dóláis, nó gheobhaidh siad sólás.
Is beannaithe iad sin a mbíonn ocras agus tart na córa orthu, nó gheobhaidh siad a sáith.
Is beannaithe lucht na trócaire, nó gheobhaidh siad trócaire.
Is beannaithe lucht an ghlanchroí, nó tchífidh siad Dia.
Is beannaithe lucht déanta na síochána, nó bhéarfar clann Dé orthu.
Is beannaithe iad sin a fhulaingíos géarleanúint ar son na córa, nó is leo ríocht na bhflaitheas.
Is beannaithe sibh féin nuair a bhéarfar achasán daoibh, agus nuair a chuirfear géarleanúint oraibh, agus á dhéanfar ithiomrá bréige oraibh mar gheall ormsa. Bíodh lúcháir oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.’
Sin é Soiscéal Dé.
FR. Moladh duit, a Chríost.
Homily preached by An tAth. Brian Ó Fearraigh SP
“Mheall sí lena glórthaí mé… “
A Phobal Dé, oíche Luan ‘s a chuaigh thart, an oíche a tharraing Máire Ní Bhraonáin a hanáil deireanach sa tsaoil seo, nuair a thréig an anáil deiridh sin í, agus dhruid sí a cuid súile ar sholas an tsaoil seo, le súile s’aicí a oscailt ar sholas ghléigeal na síoraíochta.
An oíche sin, agus na caisleáin óir le feiceáil go lonrach amuigh ag bun na spéire, agus grian gheal an lae ag gabhail faoi ar chúl Ghabhla do chódladh na hoíche, thit suaimhneas domhain, diamhair ar feadh seal. Bhí guth binn an cheoil ina thost, téada teanna na cruite, sa choirnéal ina shuí go socair, suaimhneach, le máistreás an cheoil í féin, Máire faoi shuain an bháis.
On that Monday night last, that Máire died, it seemed as if, a sacred silence had descended for a while; the music stood still, and her beautiful harp stood silently in the corner of her room, as though keeping its own quiet vigil of respect and honor.
It was as if, the silence itself seemed to sing Máire into eternity and home to heaven. But only for a short while, because in the hours and days that followed, her home became again a place of friendship and love, of kindness and light, a centre of song and deep spirituality, where tears of sadness and tears of joy mingled with memories so lovingly shared by young and old alike.
The sound of silence was soon, and very fittingly replaced by a beautiful and graceful musical celebration of a kind life well lived, woven through with pieces of scripture, poetry, and songs all of which were chosen by Máire herself.
From the sacred words of Saint Matthew, ‘Come to me, all you who are weary and I will give you rest. Take my yoke upon you, for I am gentle and humble in heart, and you will find rest for your souls.’ (Matthew 11:26), to the beautiful words from the Book of Proverbs, teaching us that true wisdom begins with reverence for the Lord and is shown in the ordinary choices we make every day. Those words again, “Trust in the Lord with all your heart and do not lean on your own understanding, and in all your ways acknowledge him, and he will direct your paths (Proverbs 3:5,6). Then, music and poetry filled the air, again mostly all selected by Máire herself, pieces that seemed to gather up her whole life: the yearning of ‘California Dreaming’, the brightness and joy of ‘Top of the World’, the steadfast love and hidden strength of the poem ‘Scaffolding’ by Seamus Heaney, to the haunting tenderness of Joan Baez’s song ‘500 Miles’, and then the raw, and that aching beauty of ‘We Didn’t Know We Were Ready’ by Talos and Ólafur Arnalds, to mention but a few.
In these past few days, grace and grief, stood side by side, embraced and danced to the beautiful music, as memories were shared through tears of sadness and sorrow and tears of joy and gratitude.
Nuair a d’fhág mé teach na faire an oíche Luan sin, gan mhoill i ndiaidh Máire bás a fháil, chuaigh mé trasna an chabhsa, go dtí’n baile s’aicí, le cuairt a thabhairt ar a máthair, Máire, nó Baba mar is fearr aithne againn uilig uirthi.
Shuí mé ag taobh na leapa, agus ar feadh seal, bhí suaimhneas naofa, ciúnas cráifeach, gan focal ráite, agus ansin, mar is dual daoithe, go séimh agus go húdarásach, na chéad focaile a labhair Baba liom, duit sí; “Mheall sí lena glorthaí mé…”
Agus a Bhaba, nach fíor ar fad na briathra iad sin. Ba focaile iad, ar an oíche sin a tháinig ó chroí máthar a bhí cráite, trom le brón, ach ag an am chéanna, croí a bhí ag cur thar maoil le buíochas buan. Briathra a bhrist ciúnas na hoíche sin mar a bheadh ‘Caoineadh’ ann. Máthair a cheol lá don tsaol, Suantraí agus í ag muirniú a leanbh óg ag tús a saoil, anois ag canadh ‘Caoineadh’ mar a dearfa, ag deireadh beatha saolta a inion céanna sin ar dhroim an tsaoil seo. Ach, croí a bhí lán de chreideamh Críostaí fosta, agus a thuig nár deireadh atá sa bhás, ach droichead chun na síoraíochta, mar ar an dárna abairt a labhair sí, “Tá sí sna flaitheas anois le Dia.”
Those were the very first words that Máire’s mother, Baba spoke to me on that night, when Máire died. The night when music itself stood still in reverence, “Mheall sí lena glórthaí mé…She enticed me with her voice”
It was as though a mother, who knows and understands music herself, and at that very moment broken by grief, reached instinctively for the language of song, of music, of meaning, of purpose, because ordinary words were no longer enough. Cha raibh focaile ann le cur síos a dhéanamh a bhrón an bháis, a bhí ag teannadh go trom ar an chroí.
Ins an bhomaite ama sin, bhí sé mar a tháinig cumhaidh agus ceol le chéile, agus nár i gcuimhne amháin, ach i gceol a iompróidh cuimhne inion a bhí i ndiaidh slán a fhágáil ag an saol seo.
“Mheall sí lena glorthaí mé…” Agus a phobal Dé, chan bréag ar bith ráite é, gur sin go díreach an rud a rinne Maire Ní Bhraonáin, mheall sí lena glorthaí, mise agus tusa, agus an saol mór agus a mháthair. Mheall sí muid uilig, le glorthaí an cheoil, le glorthaí na cruite, le glorthaí an chineáltais, le glorthaí na carthanacht, le glorthaí an chairdis, le glorthaí na maitheasa, le glorthaí an cheiliúrtha, le glorthaí an chreidimh. Na snáithí luachmhara sin uilig, na gnéithe fiúntach agus fónta sin uilig da beatha saolta, a mhúnlaigh saol s’aicí agus a d’fhág againne í mar a bhí sí. Suáilcí agus grástaí a chur sise í féin go domhain in iomairí ár gcroí agus a leanfás orthu ag bláthú.
Da mbeinnse i mo thost anseo inniu, bheadh an bhean uasal seo molta go hard na spéire ag a bhfuil ráite agus scríofa, ceolta agus seinnte fa domh daoithe go dtí seo. Ach, thar rud ar bith eile, focaile scríofa, nó briathra labhartha, tá Maire Ní Bhraonáin molta ag a cuid ceoil agus cruitireachta féin, ag an saol maith ionraic, séimh atá caite aice ar chraiceann na cruinne seo, agus is maith mar atá.
Bhí Máire modhúil, mánla, séimh, aoibh an gháire uirthi i gcónaí, agus grásta Dé ag soilsiú sna súile móra loinnireacha sin a bhí aici. Bean ceoil, bean clainne agus bean creidimh a bhí inti.
Máire Brennan was above all, a woman of music and melody, a woman of motherhood, and mission. She knew that her gift was from God, and she used that gift faithfully and well, allowing her voice and harp to harmonise and become instruments of beauty, peace, and blessing for the world. As the beautiful prayer of Saint Francis that Máire carried in her Bible states:
“Make me a channel of your peace.”
Déan gléas síochána domh i do láimh,
a Thiarna,
San áit a bhfuil fuath,
go gcuire mé an grá;
San áit a bhfuil dochar déanta,
go gcuire mé pardún;
San áit a bhfuil amhras,
go gcuire mé creideamh;
San áit a bhfuil dorchadas,
go gcuire mé solas;
San áit a bhfuil brón,
go gcuire mé áthas.
A mhaistir Dhiaga,
deonaigh nach n-iarraim chomh mór sólás a fháil le sólás a thabhairt;
A bheith tuighte comh mór le tuiscint a bheith agam;
Grá a fháil le grá a thabhairt;
Óir, is ó bheith ag tabhairt a fhaighimid,
Is ó phardún a thabhairt a fhaighimid pardún, agus is le linn dúinn bás a fháil
a théimid i seilbh na beatha síoraí.
And it is in dying that we are born to eternal life.
In the words of Máire’s fellow musician and dear friend Mairead Ní Mhaonaigh of Altán, “It was always the song for Máire, and the voice, and her beautiful unique sound. She may be gone, but the voice will remain.”
Máire sang for uasal agus íseal, Popes and Presidents, and for the poor of this earth and the forgotten, yet her music belonged to all, crossing every boundary, because in a way, it spoke the language of every human heart. It found a home in every heart that cared to throw open its doors and listen, not just with the ears, but the heart. Fuair a cuid ceoil agus cruitireachta, lóistín i ngach croí lúcháireach, fháilteach agus fhoscailte a bhí ag iarraidh cluas éisteachta a thabhairt do.
It has been said that, through her voice and her gifted playing of the harp, Máire carried the rugged beauty, that quiet strength, the ancient timeless mystery, and rich soul of Donegal to audiences right across the world.
In songs like, ‘In a Lifetime’, Máire gave sound to something timeless and otherworldly, mar atá luaite ag an Easpag Niall Coll, bhí sí ina droichead idir creideamh agus cultúr, agus trína guth agus a cuid ceoil, fuair go leor, leor daoine léargas agus taithí ar Dhia.
Through her singing and harp-playing, she gave expression not only to melody, but to the deep spirit, beauty, and soul of her people and place. In Máire Ní Bhraonáin, so fittingly known as the First Lady of Celtic Music, there was something of that vision of beauty spoken of by John O’Donohue, the great Celtic poet-philosopher of our time: when he spoke of beauty as “a greater sense of grace and elegance, a deeper sense of depth, and also a kind of homecoming.”
In Máire, Donegal person of the year, 2023, and in Clannad awarded the Freedom of Donegal in 2024, the beauty of our county and it’s people, it’s hills and valleys, it’s mountains, ‘An Eargail Ard ina stua os cionn caor is call’, and glens, Gleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair, its wild seas and Atlantic winds, and silence of Donegal, in and through Máire, all of this and much more, the ancient Celtic soul found voice and harp. And we are greatful.
Family for Moya Brennan was the tús agus deireadh, bun agus barr, croí agus anam a beatha. Bhí an teaghlach i gcónaí tábhachtach daoithe, ón Clann as Dobhar (Clannad) go clann s’aicí fein. At the centre of Máire’s life was always the love of family: her husband Tim, her daughter Aisling and her partner Kayleigh, her son Paul and his partner Lara, and her precious granddaughter Eden, who were the true joy of her heart always.
Bean creidimh a bhí inti fosta. Bhí an creideamh sin ónar fáisceadh í, agus a bhí go smior inti, fíor thábhachtach daoithe, agus d’fhág sé lorg ar a saol agus a saothar uilig, agus bhí sí dílis don chreideamh céanna sin.
Alongside her gift for music, Máire also carried a deep and sincere faith. It was a faith that helped to anchor her life, to nourish her soul, and to remind her, even in the midst of life’s burdens, of the nearness and faithfulness of God.
Agus muid le chéile anseo inniu faoi scath an bhais, cha dtig linn gan dearmad a dhéanamh go labhrann Briathra beannaithe Dé linn inniu, le dóchas agus uachtach a mhúscailt inar gcroí istigh:
Cuireann Leabhar na hEagna i gcuimhne dúinn go bhfuil ‘anamacha na bhfíréan i lámha Dé,’ agus nach mbainfeadh pian ná piolaidí de sheort ar bith leofa níos mó. Go bhfuil anamacha na bhfíréan slán sábháilte i ngrá Dé. Agus bheireann na briathra seo uachtach láidir dúinn.
Tá fhios againn gur scaruint mór atá sa bhás i dtolamh. Is minic a léigheann muid sna scrioptúr go scairteann Dia orainn agus gan muid ag dreim leis, agus sin mar atá an saol, níl a fhios ag aon duine againn cá bhfuil fód a bháis. Ach, bhí Máire anseo ar leabaidh an bhais le tamalt anuas anois, agus í brea réidh le gabhail nuair a tháinig an t-am. A muintir féin thart uirthi, agus sacraimintí na hEaglais faighte aice nuair a tharraing sé a hanáil deiridh.
Cinnte tá bron agus briseadh croí leis an bás, ach i gcás Mháire anseo, chan brón agus duairc uilig atá ann, mar sna scrioptúr inniu chuala muid fosta, ón teachtaireacht a thug Naomh Pól do Timóteas, “Nuair atá an comhrac mór troidte againn, agus an cúrsa críochnaithe againn, agus an creideamh coinnithe againn – go bhfuil an chraobh réidh ag Dia fár gcoinne” Sé sin, go bhfuil áit le fáil againn Ó Dhia ar neamh, baile buan s’againn, rud nach bhfuil againn ar an tsaol seo ar talamh.
Agus ansin sa tSoiscéal, ardaíonn Íosa ár gcuid súile níos airde ná pian, buaireamh agus briseadh croí an bhomaite seo ina maireann muid, go gealltanas na Ríochta, agus É ag beannú na bochta ó spiorad, na daoine ceansa cineálta, lucht an dóláis, na daoine a bhfuil ocras agus tart na córa orthu, lucht déanta na síochána, agus é ag dearbhú díofa go bhfaighidh siad sólás.
These scripture readings that we heard read today, do not take away our grief, but they do tell us that death does not have the final word. For the one who has lived in faith, in love, and in quiet trust in God, as our sister Máire did, there is not an ending, but a homecoming, a passing from the struggles of this world into the peace, joy, and blessedness of heaven.
“Mheall sí lena glorthaí mé.”
A chairde, go leanfaidh muidinne orainn ag mairstin dílis don oidhreacht luachmhar sin atá fágtha ina déithe ag Máire againn agus dúinn uilig. Nach mbeidh muid tuirseach a choíche de bheith ag mealladh muid féin agus daoine eile, le glorthaí an cheoil, le glorthaí na cruite, le glorthaí an chineáltais, le glorthaí na carthanacht, le glorthaí an chairdis, le glorthaí an cheiliúrtha, agus le glorthaí an chreidimh. Nó sin mar a ba mhaith le Máire é bheith.
Go gcastar ar a chéile arist muid, a Mháire,
Ceol binn na nAingeal go gcloise tu, agus go lonraí an solas síoraí ort.
Go mairfidh do chuid ceoil i gcroíthe na ndaoine go deo.
Ár mbeannacht leat agus gur móide teaghlach na glóire d’anam uasal ceolmhar.
Prayer of the Faithful
Read by, Sinead Campbell, Moya’s niece; Cáitríona Duggan, Moya’s cousin; Owen McDaid, Moya’s relation; Anna Brennan, Moya’s niece; Kaya Brennan, Moya’s niece; Hannah O’Donnell, Moya’s niece; and, Alannah Brennan Moya’s niece
OFRÁLA Offertory Procession
‘Mr O’Connor’ performed by Cormac DeBarra.
Bridín Ní Bhraonáin, Moya’s sister and Joy Brading Moya’s sister in Law will bring forward the bread and wine to the altar in preparation for the Liturgy of the Eucharist.
During Communion the following hymns will be sung. Organist Leonard Dorian.
- Bise mo Shúile – Cór Phádraig agus Cór Mhuire
- Anam mo Thiarna – Cór Phádraig agus Cór Mhuire
- Ag Criost an Siol – Eoin Ferry and Cormac DeBarra
- Here I Am Lord – Daniel & Majella O’Donnell
CEOL IARCHOMAOINEACH – Post-Communion Music
‘Eleanor Plunkett’ will be performed by Ciarán Brennan, Pól Brennan and Cormac DeBarra
MACHNAMH – Reflection
Perfect Time by Moya Brennan
BEANNACHT DEIRIDH – Final Blessing
An Mhaighdéan Mhara performed by Mairéad Ní Mhaonaigh & Maighread Ní Dhomhnaill
PAIDIREACHA DEIRIDH – Prayers of Commendation
Before the final blessing, An tAth. Brian Ó Fearraigh SP will speak a final word of comfort and support, and will express sincere gratitude for the great outpouring of love shown by Moya’s family, friends, and the wider community at this time of deep sorrow and loss.
Paidreacha Deiridh – Final Commendation by An tAth. Brian Ó Fearraigh SP
An tAth. Seán Ó Gallchóir will offer the following reflection from Bishop Niall Coll, and An tAth. Brian Ó Fearraigh SP will lead the Final Prayers of Commendation, during which the coffin is sprinkled with Holy Water and incensed:
Focal Comhbhróin ón Easpag Niall Coll, Easpag Ráth Bhoth, ar bhás Mháire Ní Bhraonáin.
Is le brón a chuala mé faoi bhás Mháire Ní Bhraonáin. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá Clann, agus do achan duine a raibh grá acu di, agus do achan duine atá ag caoineadh a bás ag an am brónach seo.
Ba bhean cumasach í Máire Ní Bhraonáin a raibh tionchar ag a cuid ceoil ar chroíthe daoine i bhfad níos faide ná fóide dúchais s’aicí féin i nGaoth Dobhair. Bhí sí, ar bhealach an-réadúil, ina droichead idir creideamh agus cultúr, agus trína guth agus a cuid ceoil, fuair go leor daoine léargas agus taithí ar an Dia tarchéimnitheach.
Ag am seo an bhróin, gabhann muid buíochas as bronntanas a saoil agus a saothar, as an lúcháir agus an inspioráid a mhúscail sí i go leor daoine, agus as an oidhreacht buan a fhágann sí ina diaidh. Go dtuga an Tiarna suaimhneas síoraí da hanam uasal, go dtabharfadh sé sólás do lucht an dobhróin, agus go dtuga Sé luach a saothar do Mháire as an obair mhór mhaith a rinne sí trí na bronntanais a roinn sí chomh fial flaithiúil sin linn uilig.
A Word of Condolence from Bishop Niall Coll, Bishop of Raphoe, on the death of Máire Brennan.
It is with deep sadness that I learned of the death of Máire Brennan. I wish to offer my sincere sympathy and prayerful condolences to her family, to all who loved her, and to all who mourn her death at this sad time.
Máire Brennan was a gifted woman whose music touched the hearts of people far beyond her own native Gaoth Dobhair. She was, in a very real way, a bridge between faith and culture, and through her voice and music many people caught a glimpse of the transcendent.
At moments of loss such as this, we give thanks for the gift of her life, for the joy and inspiration she brought to so many, and for the lasting legacy she leaves behind. May the Lord grant her eternal rest, comfort those who grieve, and reward her for the good she did through the gifts she so generously shared with us.
CEOL DEIRIDH – Recessional Music
‘Thíos Cois na Trá Domh’ will be performed by Clann Mhic Ruairí, accompanied by Cór Phádraig and Cór Mhuire.
BURIAL
Burial will take place afterwards in Úrchill Mhuire, Machaire Gathlán, Gaoth Dobhair.
DEIREADH – ENDS
