St Brigid Day – Resources

Bishop Fintan Monahan shares a reflection for St Brigid’s Day

Naomh Bríd – Irish Language Prayer Resources

Ban-Ab agus Leas-Éarlamh na hÉireann

CLICK on BUTTON below to download resource

Cnuasach de théacsanna Gaeilge don mhachnamh pearsanta

Cnuasach de théacsanna Gaeilge don mhachnamh pearsanta

Tá clú ar Naomh Bríd de bharr a féile, a déirce, a crógachta agus a cúraim do na heasláin. Rugadh Naomh Bríd sa bhliain 454 agus bhunaigh sí mainistir dhúbailte i gCill Dara le cúnamh ón Easpag Connlaodh. De réir an bhéaloidis, bhain Bríd leas as Cros Bhríde chun an creideamh Críostaí a mhíniú agus tá an chros ina siombail i gcónaí ar dhídean Dé.

Agus iad ag labhairt faoi Naomh Bríd le déanaí, dúirt an tEaspag Donncha Mac an Ultaigh, Easpag Chill Dara, agus an tEaspag Pádraigín Storey, Easpag Eaglais na hÉireann don Mhí agus Cill Dara:

“Tá go leor rudaí i gceist le Bríd do go leor daoine. Tá baint láidir ag siombailí agus scéalta lena saol.

“Rugadh Bríd thart ar an mbliain 454 agus fuair sí bás thart ar an mbliain 524. Do lucht an chreidimh, léiríonn Bríd an t-aistriú sin ón bpágántacht go dtí an Chríostaíocht in Éirinn Cheilteach. Sa bhliain 480 bhunaigh sí a mainistir i gCill Dara – is é sin, séipéal an chrainn darach. Tá an t-amhrán faoin tslí ar chlúdaigh brat Bhríde an ceantar ar a dtugtar an Currach inniu, Páirc Naomh Bríd, ar eolas ag gach páiste scoile. Tá Bríd nasctha leis an talamh agus an talmhaíocht, leis an treabhdóireacht agus le bheith ag cur is ag crú is ag déanamh ime ach go háirithe – agus, ar ndóigh, le creideamh bríomhar Críostaí.

“Ba í croí na féile í. “Is cuí go dtabharfar onóir do Naomh Bríd le saoire phoiblí nua. Mar naomh tánaisteach in Éirinn, le tús áite tugtha do Phádraig, bhí sí caillte rófhada faoina scáth. Cuirimid fáilte ó chroí roimh an nuacht go bhfuil aitheantas mar is cuí – agus i bhfad thar am – á thabhairt do Bhríd.”

 

How to make a St Brigid’s Cross